Tá se ráite ag cumann ionadaíochta chomhairleoirí áitiúla na tíre go bhfuil díomá orthu faoina ndúirt an tAire Airgeadais, an Tánaiste Simon Harris, maidir le tithe tréigthe agus go háirithe maidir leis an mbaint a bhí acu féin leis an scéal.
Dúirt Simon Harris arú inné go raibh fearg air faoi shiléigéacht na n-údarás áitiúil, dar leis, i dtaca le tobhaigh a éileamh ar úinéirí tithe tréigthe.
Thug sé le fios go deimhin go mbainfeadh sé cumhachtaí áirithe de na húdaráis áitiúla mura dtosóidís ag bailiú na dtobhach mar ba chóir.
I ráiteas, dúirt Cumann Rialtas Áitiúil na hÉireann, áfach, cé go raibh athrú ag teastáil go mb'oth leo nár thug an Tánaiste aitheantas do na hiarrachtaí móra a bhí déanta ag na húdaráis áitiúla le roinnt blianta chun dul i ngleic leis an gceist.
Tá rún ag Simon Harris cáin mhaoine náisiúnta ar thithe tréigthe a thabhairt isteach agus leagfaidh sé amach a bhfuil ar intinn aige go baileach i gcruinniú Comhaireachta inniu.
Mar leis an tobhach atá ann cheana féin, tuigtear nár bailíodh oiread agus cianóg i ndeich limistéar ar a laghad ar fud na tíre in 2024.
Is iad na húdaráis áitiúla a bhí i gceist Cill Mhantáin, Dún na nGall. Fine Gall, Cathair na Gaillimhe, Contae na Gaillmhe, An Iarmhí, Liatroim, An Longfort, Muineachán agus Tiobraid Árann.
Ó thaobh líon na dtithe de, áirítear 1,788 teach tréigthe a bheith i gCo Chorcaí, an líon is mó sa tír, agus 251 i gCo Cheatharlach, an líon is lú sa tír.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


