Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Triúr fear neamhchiontach i ndúnmharú Lyra McKee i 2019

03 IÚIL 2026, 15:31

29 a bhí Lyra McKee nuair a maraíodh í
Twitter Facebook

Tá triúr fear faighte neamhchiontach i ndúnmharú Lyra McKee i 2019 i nDoire.

Triail gan giúiré a mhair beagnach 2 bhliain a bhí i gceist os comhair an Bhreitheamh Patricia Smyth i mBéal Feirste.

D'fhág páirtí Lyra McKee, Sara Canning, an chúirt agus an breithiúnas á fhógairt, gan í in ann labhairt a dúirt sí leis na meáin.

Jordan Devine, Peter Cavanagh agus Paul McIntyre

Bhí comhfhiontar i ndúnmharú curtha i leith Paul McIntyre (58) as Cosán Cheanannais i nDoire, Peter Cavanagh (38) as Sráid Muire agus Jordan Gareth Devine (25) as Sráid an Easpaig.

Bhásaigh Lyra McKee a bhí 29 tar éis do philéar í a bhualadh agus í ina seasamh le taobh fheithiclí póilíní i gceantar an Chreagáin i nDoire an 18ú mí an Aibreáin 2019.

Bhí buamaí peitril á gcaitheamh leis na póilíní agus cuireadh carr tré thine le linn círéibe inar caitheadh 4 cinn de philéir leis na póilíní.

Ghlac "an tIRA Nua" freagracht as marú Lyra McKee.

Bhí an tIonchúiseamh ag cur i leith an triúir go raibh siad i gcomhluadar an fhir gunna agus gur chuidigh siad leis nó gur ghríosaigh siad é chun í a mharú.

Ach léirigh abhcóidí na gcosantóirí laigeachtaí na h-argóna sin agus nach raibh curtha os comhair na cúirte ach fianaise imthoisceach, agus tá an triúr faighte neamhchiontach.