Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Rás Cabo Verde rite agus bíodh an Airgintín buíoch

04 IÚIL 2026, 01:44

Lionel Messi a fuair an chéad chúl don Airgintín
Twitter Facebook

Le Séamus Ó Scanláin

Is beag seans a tugadh dóibh ach bhain imreoirí Cabo Verde allas nach beag as foireann na hAirgintíne sa gcluiche seo i gCorn FIFA an domhain i Miami.

Bhí an Airgintín buacach 3-2 tar éis am breise ach a léithid de thaispeántas ó imreoiri Cabo Verde.

Ní raibh an scriopt léite ag fear Bhaile Átha Cliath agus Ruaigairí na Seamróige, Pico Lopes ná a chomhimreoirí don chluiche sacair seo.

MIAMI GARDENS, UNITED STATES - JULY 3: Deroy Duarte of Cape Verde celebrates after scoring the team's first goal with his teammates during the Round Of 32 - FIFA World Cup 2026 match between Argentina and Cabo Verde at Miami Stadium on July 3, 2026 in Miami Gardens, Florida. (Photo by Pablo Morano/B
Lopes Cabral ag ceiliúradh a chúil do Cabo Verde

Go deimhin féin is é scéal Cabo Verde ó thús an chomórtais seo ceann de scéalta móra na staire ó buaileadh an chéad chic i gCorn FIFA an Domhain beagnach 100 bliain ó shin anois.

An chéad uair riamh ag an oileán beag seo amach ó chósta na hAfraice i gCorn an Domhain, féadfaidh siad dul abhaile anois le bród ina gcroíthe agus é le rá acu nár buaileadh uair amháin féin iad laistigh de 90 nóiméad i gcaitheamh an chomórtais seo.

Agus bhí dóthain le déanamh ag na seaimpíní sna nóiméid dheireanacha den chluiche seo le fanacht chun cinn; Cabo Verde i mbun ionsaithe go tréan agus mí-ádh ceart orthu nár chothromaigh siad cúrsaí don triú huair chun an cluiche a thabhairt chomh fada le ciceanna píonóis.

Murach sábháil den scoth ó Martinez 5 nóiméad ón scor in am breise cá bhfios nach iad Cabo Verde a bheadh i mbabhta 6 fhoireann déag an chomórtais.

Ba é laoch náisiúnta na hAirgintíne,Lionel Messi, fear atá ag imirt sa chomórtas seo den 6ú huair a chuir an Airgintín chun cinn tar éis 29 nóiméad.

Pas ard isteach ón naoscaire eile sin Martinez a smachtaigh Messi go paiteanta lena chiotóg agus i bhfaiteadh na súl bhí an liathróid i gcúl na heangaí aige, an fichiú huair aige a léithid de bheart a dhéanamh ó chuaigh sé chun páirce ina chéad chomórtas ceannais FIFA i 2006.

Glacadh leis nach mbeadh ann ach ceist ama sula méadófaí an bhearna ach níor ghéill muintir Verde puinn.

7 nóiméad isteach sa dara leath thóg sé sábháil mhaith eile ó Martinez le iarracht íseal ó Duarte a choinneáil amach, á chaitheamh féin ar an talamh leis an liathróid a shealbhú ar éigin Dé.

6 nóiméad ní ba dheireanaí chuaigh an slua le báiní nuair a d'éirigh le Duarte an beart a dhéanamh agus an liathróid a shleamhnú isteach ó 6 slat.

MIAMI GARDENS, FLORIDA - JULY 03: Cristian Romero #13 of Argentina celebrates with teammates after scoring the team's third goal during the FIFA World Cup 2026 Round of 32 match between Argentina and Cabo Verde at Miami Stadium on July 03, 2026 in Miami Gardens, Florida. (Photo by Ezra Shaw - FIFA/F
An Airgintín ag ceiliúradh i Miami. Ach an t-ádh ar fad orthu.

Bhí an-chluiche ag Vozinha, cúlbáire Cabo Verde agus choinnigh sé amach iarrachtaí ó Messi sa dara leath, go háirithe saor chic sa 72ú nóiméad.

1-1 ag lán ama, chaithfí dul i muinín am breise.

Beidh díomá ar Cabo Verde nár phioc siad suas Martinez sa bhosca mór 3 nóiméad isteach in am breise, bhí neart ama aigesan é féin a stiúradh agus urchar d'iarracht a scaoileadh isteach i mbarr na heangaí.

Ach níor loic Verde an iarraidh sin ach oiread, agus ná raibh na foirne ar chomhscór arís a bhuíochas de Lopes Cabral tar éis 103 nóiméad i ndiaidh dósan casadh agus lúbadh a chur ar liathróid a scaoil sé isteach ó imeall an bhosca.

Bhí na foirne gob ar ghob an chuid elle den chluiche cés móite den eachtra chinniúnach 9 nóiméad ó dheireadh am breise nuair a d'ardaigh fear na hAirgintíne,Romero é féin agus theangaigh a chloigeann le liathróid a tháinig trasna chuige agus thug cúl an bhua don Airgintín.

Faoiseamh don Airgintín, crá croí do mhuintir Cabo Verde.

Casfaidh an Airgintín anois ar an Éigipt sa gcéad bhabhta eile.

' />