Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Pico díomách ach breathnóidh sé chun cinn'-A Mháthair Judy

04 IÚIL 2026, 13:00

Roberto 'Pico' Lopes. Linn féin uilig é anois.
Twitter Facebook

'Tá díomá air ach scaoilfidh sé thairis é agus breathnóidh sé chun cinn' a dúirt Judy Lopes in agallamh teileafóin ó Mheiriceá ar maidin.

Bhí sí ag labhairt beó ar chlár raidió 'The Brendan O'Connor Show' ar RTÉ Raidió 1 agus í ag tagairt don chluiche idir Cabo Verde agus An Airgintín aréir ina raibh a mac Pico ag imirt.

Pico Lopes family Dublin Airport Aer Lingus RTE
Muintir Lopes ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ar a mbealach anonn ag an gcluiche i Miami

Bhí sár-chluiche ag fear Bhaile Átha Cliath agus imreoir Ruaigirí na Seamróige,Pico Lopes i ngeansaí Cabo Verde agus foireann ón tír páirteach i gCorn FIFA an Domhain den chéad uair.

An naoscaire mór sin Lionel Messi a choinneáil faoi smacht an príomh-chúram a bhí ar an bhfear a tógadh i gCromghlinn.

Faraor d'éirigh leis an laoch ón Airgintín atá 39 agus ag imirt ina 6ú Corn Domhanda éalú isteach thairis do chúl sa chéad leath.

Cés móite dhe sin is beag eile a fuair sé ó Pico Lopes a chuir a chois i dtaca arís agus arís eile.

Bhí Judy Lopes, a fear céile Carlos agus a teaghlach ag cluiche na hoíche aréir a 'bhuíochas cuid mhór do chomhlacht Aer Lingus' a dúirt sí inniu.

'Is é scéal Cabo Verde scéal mór an tSamhraidh táim cinnte do mhuintir na hÉireann' a dúirt sí 'agus thug sé ar ais mé go 'Italia 90' '

Ní raibh Pico féin gann ar chúpla focal ach oiread.

In agallamh le stáisiún teilifíse an BBC dúirt sé 'gur léirigh Cabo Verde go raibh siad chomh maith le foireann ar bith i gcomórtas na bliana seo'.

'Léirigh muid ár gcroíthe móra ar láthair na himeartha' a dúirt sé.

D'éirigh le Cabo Verde 3 chomhscór a fháil ag staid an ghrúpa sa chorn seo.

Choinnigh siad na piardaí móra An Spáinn agus a bhuíochas dá dtrí phointe san iomlán chríochnaigh siad chun cinn ar Urugua agus an Araib Shádach.

Agus cá bhfios nach mbeadh toradh iomlán difriúil acu aréir dá rachadh an cluiche chuig ciceanna píonóis.

Tá an bhrionglóid mhór thart faraor, muid uilig dúisithe anois.

Ba bhreá é agus ba é a locht, a laghad.