Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Corcaigh buailte ag Gaillimh sa chraobh iomána

04 IÚIL 2026, 16:51

Láthair na coimhlinte:Páirc an Chrócaigh
Twitter Facebook

Tá deireadh seachtaine mór sa Chraobh Iomána buailte linn agus an chéad chluiche leathcheannais thart tráthnóna inniu i bPáirc an Chrócaigh.

Tá tánáistí na bliana anuraidh Corcaigh buailte ag Gaillimh sa chluiche a thosaigh ag 3.30.

Gaillimh 2-26 Corcaigh 1-18.

Sin toradh nach raibh aon súil leis.

4 July 2026; Jason Rabbitte of Galway in action against Damien Cahalane of Cork during the GAA Hurling All-Ireland Senior Championship semi-final match between Cork and Galway at Croke Park in Dublin. Photo by Daire Brennan/Sportsfile
Corcaigh cloíte ag Gaillimh

Imreoidh Gaillimh anois i gCluiche Ceannais na hÉireann faoi cheann coicíse.

Thosaigh na Gaillimhígh go maith agus iad 1-04 in aghaidh 0-02 chun cinn.

Chaill siad sin áfach agus chuaigh Corcaigh 4 chúilín chun cinn.

Sa dara leath ní raibh ann ach an t-aon fhoireann amháin agus léirigh Gaillimh scil agus máistreacht.

Scóráil siad 1-14, ní bhfuair a gcéillí comhraic ach 0-05.

Bhí cosúlacht mhaith ar Chorcaigh anuraidh sa chluiche ceannais in aghaidh Thiobraid Árann.

Ar feadh tamaill inniu bhí an chosúlacht chéanna orthu ach fearacht anuraidh chlis siad go tubaisteach arís.

Jason Rabbitte of Galway celebrates with his manager Micheál Donoghue after victory in the GAA Hurling All-Ireland Senior Championship semi-final match between Cork and Galway at Croke Park in Dublin.
Jason Rabbitte ag ceiliúradh leis an mbainisteoir

Tá sé 21 bliain anois ó bhuaigh Corcaigh an chraobh agus is féidir leat bliain eile anois a chur leis sin.

Deacair é a chreidiúint.

Amárach a thabharfaidh piardaí móra eile na Mumhan, An Clár agus Luimneach aghaidh ar a chéile sa leath-chraobh eile.

Imreoidh na buaiteoirí Gaillimh, seaimpíní Laighean a thug sár-thaispeántas inniu, faoi cheann coicíse.