Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An t-iar Aire David Andrews adhlactha

04 IÚIL 2026, 18:16

David Andrews á adhlacadh inniu
Twitter Facebook

Adhlacadh inniu an t-iar Aire Rialtais, David Andrews a bhásaigh i rith na seachtaine a chuaigh thart.

I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí An Taoiseach Micheál Martin agus an t-iar Thaoiseach,Bertie Ahern chomh maith leis an iar-Uachtarán Micheal D.Higgins.

'Ionracas ceann de na focail ba mhó a luadh le m'athair i gcaitheamh na seachtaine' a dúirt an Feisire Eorpach agus a mhac Barry ag an Aifreann éagnairce sa Charraig Dhubh inniu.

91 bliain d'aois a bhí David Andrews agus bhásaigh sé ag tús na seachtaine.

Bhí aithne mhór air i ndeisceart Chonamara mar gur mhinic é ar cuairt i gceantar Bhaile na hAbhann, áit a raibh teach aige.

Chaith sé na blianta 1965-2002 ina Theachta Dála le Fianna Fáil i dToghcheantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

Bhí sé in Aire Gnóthaí Eachtracha 1992-1993 agus 1997-2000 agus bhí sé lárnach sna cainteanna do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Chaith sé blianta fada freisin i mbun feachtais chearta daonna, léithidí Cheathrar Guildford, Seisear Birmingham agus Brian Keenan a fuadaíodh i Beirut sna hochtóidí.

Chaith sé tamall freisin ina chathaoirleach ar Chumann na Croise Deirge.

D'éirigh sé as an bpolaitíocht i 2002.

Maireann a bhean Annette agus cúigear clainne.