Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Fhrainc gaibhte chun cinn i gCorn FIFA

04 IÚIL 2026, 23:30

Maracó buacach i Texas
Twitter Facebook

Cúl ó chic pionóis sa dara leath ón naoscaire sin Kylian Mbappé a chinntíonn áit do fhoireann na Fraince sna cluichí ceathrú ceannais i gCorn FIFA an Domhain.

1-0 a bhí ann ar deiridh i Philadelphia,An Fhrainc ag bualadh Paragua.

PHILADELPHIA, PENNSYLVANIA - JULY 04: Kylian Mbappe #10 of France warms up before the FIFA World Cup 2026 Round of 16 match between Paraguay and France at Philadelphia Stadium on July 04, 2026 in Philadelphia, Pennsylvania. (Photo by Elsa/Getty Images)
Mbappe:Gaiscíoch na Fraince

Cluiche sách fisiciúil a bhí anseo agus beidh faoiseamh ar an Fhrainc na cosa a bheith tugtha leo acu.

Tá ceann den 3 thír atá ag reachtáil Chorn FIFA an Domhain amuigh as an gcomórtas.

Buaileadh Ceanada 3-0 tráthnóna a bhuíochas den luíochán mór a rinne Maracó orthu sa dara leath den chluiche seo a himríodh i Houston,Texas.

2 chúl ó Azzedine Ounahi a chinntigh a mbua den tír seo ó thuaisceart mhór-roinn na hAfraice agus is iadsan a chasfaidh ar an Fhrainc sa chéad bhabhta eile.

Tá Na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo fós sa chomórtas ar ndóigh, an dá thír eile atá ag reachtáil an chomórtais.

Go moch ar maidin Dé Luain am na hÉireann a imreoidh Meicsiceo agus Sasana a chéile féachaint le háit a bhaint amach sa bhabhta ceathrú ceannais.

Bhí caint ar am tosaigh an chluiche sin i Staid an Azteca i gcathair Mheicsiceó a thabhairt chun cinn de bharr thuar na haimsire.

Shocraigh FIFA ar deiridh áfach cloí leis an uair atá socraithe.

Tá droch-chuimhní is baolach ag muintir Shasana ar Staid an Azteca.

Harry Kane celebrates of England with teammates Jude Bellingham and Anthony Gordon after scoring during the FIFA World Cup 2026 Round Of 32 match between England and Congo DR at Atlanta Stadium on July 1, 2026 in Atlanta, Georgia.
Búir eile ó Leoin Shasana ach an gcloífidh siad Meicsiceo?

Nárbh ann 2 scór bliain ó shin a léirigh laoch mór na linne don Airgintín,Diego Maradona a chumas scile agus glicis le foireann Shasana a chur de dhroim seoil i gcluiche ceathrú ceannais Chorn an Domhain.

Ní bheidh na Sasanaigh ag súil lena mhacasamhail arú amárach.