Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Cosc ar lucht féachana ag an Tour de France de bharr tinte

06 IÚIL 2026, 09:52

Cosc ar lucht féachana ag an Tour de France de bharr tinte
Twitter Facebook

Tá cosc curtha ag údaráis na Fraince ar an phobal bailiú ar thaobh na mbóithre inniu don tríú staid den Tour de France, i bhfianaise na bhfalscaí agus na dtinte sléibhe atá ag scaipeadh ar fud dheisceart na tíre sin.

B'éigean do na mílte duine a dtithe a thréigean le teitheadh ó na tinte a scrios 19,000 heictéar talún le seachtain anuas.

Is amhlaidh atá an scéal sa Phortaingéil, sa Spáinn agus sa Ghréig chomh maith, áit a bhfuil briogáidí dóiteáin ar a ndícheall ag obair ag iarraidh na tinte a cheansú.

Síltear go n-éireoidh an teocht chomh hard le 40C in áiteanna agus go bhfuil

In iardheisceart na Fraince gar do chathair Perpignan, b'éigean eitleán speisialta a úsáid le cabhrú le foireann de 700 le tine ollmhór a stopadh ó scaipeadh chuig ceantar iargúlta a bhfuil sé deacair dhul chomh fada leis,

B'éigean do 10,000 duine a dtithe a fhágáil i gceantar Trévillach, uair a chloig siar isteach sa tír ó chathair Perpignan.

A Canadair CL-415 plane of France's Civil Security services drops water on a wildfire at the Col des Auzines, near Trevillach, southern France
B'éigean eitleán a úsáid leis na tinte a cheansú le scairdeanna uisce

An Tour de France

Leanfar inniu den tríú staid de rás an Tour de France tríd na Piréiní ach beidh cosc ar lucht féachána a bheith i láthair.

Seo staid ina mbeidh na rothaithe ag teacht trasna na teorainn as an Spáinn isteach sa Fhrainc.

Ní bheidh cead isteach gar don rian an ráis ach ag iomaitheoirí, feithiclí agus lucht eagraíochta an ráis.

D'iarr Maor an réigiúin Pyrénées Orientale, Pierre Regnault de la Mothe ar dhaoine fanacht glan ar an chuid seo den chomórtas.

"Is oth liom seo a rá ach beidh an chuid Fhrancach den staid seo ar a laghad gan aon luch féachána."

A wildfire burns in the Aspres region seen from Millas, in the Pyrenees-Orientales department, southern France on July 5, 2026.
B'éigean do 10,000 duine a dtithe a fhágáil i gceantair Trévillach agus Montalba le Château

Tíortha na Meánmhara

Ar an taobh eile den teorainn i réigiún Chosta Brava na Catalóine, scrios tine níos mó ná 2,200 heictéar talún.

Níos faide soir sa Mheán Mhuir, scriosadh na céadta heictéar de fhoraiseacha agus de fhíonghoirt ar oileán Hvar sa Chróit agus ar Tale san Albáin.

Sa Phortaingéil milleadh 13,000 heictéar de thalamh foraise agus de scrobarnach i dtuaisceart na tíre.

' />