Gearradh 11 bliain i bpríosún ar fhear as Baile Átha Cliath a d'éignigh a neacht 10 mbliana d'aois nuair a bhí sé i mbun feighlíochta uirthi.
Ciontaíodh an fear 35 bliain d'aois sa Phríomh Chúirt Choiriúil i mí na Bealtaine i dhá chás éignithe, 10 gcás shamplach de ionsaí gnéis agus i gcás amháin de iompar gnéis i láthair páiste.
Dúradh sa chúirt go raibh an cailín idir 10 agus 11 bliain d'aois nuair a tharla na hionsaithe idir 2019 agus 2021 i dteach a muintire i mBaile Átha Cliath.
Ní féidir an fear a ainmniú ar mhaithe leis an chailín a chosaint.
Is é uncail an chailín é agus chaitheadh sé an oíche i dteach a muintire. Tharla na hionsaithe nuair a bhíodh tuismitheoirí an chailín imithe amach san oíche.
Sa ráiteas tionchair íospartaigh a léigh an bleachtaire fiosraithe ar a son sa chúirt, dúirt an cailín gur tháinig an fear i dtír ar a haois, a soineantacht agus a muinín.
"Diúltaím a rá gur cuid de mo theaghlach thú, mar ní dhéanann teaghlach an rud a rinne tusa ormsa. Ní shocraíonn duine den teaghlach breathnú ar pháiste agus ansin é a scrios, mar a rinne tusa ormsa."
Dúirt sí go raibh sí 10 mbliana d'aois agus "fós ag foghlaim faoin domhan agus fúm féin." Dúirt sí gur roghnaigh a huncail neamhaird a dhéanamh dá heagla agus leanacht ar aghaidh.
Mhol an Breitheamh Sean Gillane ráiteas an chailín agus dúirt sé go raibh sé níos cumhachtaí ná aon rud a d'fhéadfadh sé féin a rá.
Dúirt sé gur bhain an fear mí-úsáid agus buntáiste as an déirc a léirigh tuismitheoirí an chailin dó nuair a chuir siad fáilte isteach ina dteach roimhe de bhrí go raibh sé gan dídean.
Chuir sé san áireamh gur lean an fear ag ionsaí an chailín ar feadh dhá bhliain agus gur úsáid sé féiríní agus duaiseanna le í a chur ina tost.


