Tá an t-iar chóitseálaí snámha George Gibney ciontaithe as ionsaithe gnéis ar cheathrar cailíní óga agus as iarracht a dhéanamh cailín amháin dóibh siúd a éigniú sna 1970aidí agus 1980aidí.
Breis is seacht n-uaire an chloig a chaith an giúiré i mbun machnaimh ar an chás sa Phríomh Chúirt Choiriúil sular chuir siad a gcinneadh in iúl don Bhreitheamh Micheál P. O'Higgins tamall gairid ó shin.
Cúisíodh George Gibney atá 77 bliain d'aois, as 79 cion ach phléadáil sé ciontach as 5 chion i dtús na trialach.
Phléadáil sé neamhchiontach as an 73 cion eile de ionsaithe mígheanasacha agus as cúis amháin de iarracht éignithe ar na cailíní sna 1970aidí agus 1980aidí.
Dúradh leis an ghiúiré go gcaithfeadh siad breith neamhchiontach a thabhairt air maidir le 33 cion a bhain le beirt ghearánaí.
Chuir an Breitheamh O'Higgins siar faoi choinneáil é agus gearrfar pianbhreith ar George Gibney ar an 29 Iúil.
Bhí faoiseamh le mothú i seomra na cúirte nuair a fógraíodh an breithiúnas agus na mná ag tabhairt buíochais dá gcairde, dá lucht tacaíochta agus do na Gardaí.


