Tá a héileamh in aghaidh an Stáit socraithe ag Lois West, an t-anailísí sinsearach de chuid an Gharda Síochána a dúirt gur cuireadh pionós uirthi ina cuid oibre de bhrí gur thug sí fianaise don Oireachtas maidir le hearráidí i bhfigiúirí dúnmharuithe.
Chuir dlíodóirí Lois West in iúl don Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre inniu go raibh an t-éileamh socraithe nuair a cuireadh tús leis an éisteacht cúig lá.
Dúirt abhcóide Lois West, David Byrnes, nach mbeadh gá níos mó leanacht leis an chroscheistiú ar a hiar-bhainisteoir líne Andrew O'Sullivan.
Dúirt sé go raibh an dá thaobh tar éis teacht ar shocrú príobháideach agus go raibh sé aontaithe i scríbhinn acu.
Tá na héisteachtaí maidir le gearáin Lois West ag dul ar aghaidh le breis is dhá bhliain go leith.
Thit an chéad éisteacht as a chéile tar éis bliana i mí na Nollag 2024 nuair a mhaígh foireann dlí Lois West nach raibh sí ag fáil chothrom na Féinne san éisteacht agus d'iarr siad go n-éireodh an chéad réiteoir as.
Cuireadh tús athuair leis an éisteacht i Samhain 2025 faoi réiteoir nua.
Bhí Lois West ina comh-leascheannasaí ar Rannóg Anailíse an Gharda Síochána ag grád an Phríomhoifigigh Cúnta sular imigh sí ar saoire tinnis fhada.
Thug sise agus a comhghleacaí sna Gardaí Laura Galligan, eolas do choiste Dlí is Cirt an Oireachtais i Márta 2018 maidir le mí-rannú na dtaifead a choinnigh an Garda Síochána faoi chásanna dúnmharfa.
Mhaigh Lois West ina gearán go ndeachaigh cúrsaí ina cuid oibre go mór ina haghaidh de bharr gur nocht sí an t-eolas seo faoi chásanna dúnmharfa agus gurbh ionann é agus bliain iomlán de iarrachtaí pionós a ghearradh uirthi as an scéal a thabairt chun solais.
Ina measc seo, dúirt a dlíodóirí gur theip ar a fostóir í a chosaint nuair a mhaigh sí go ndearna duine a bhí níos sinsearaí ná í ciapadh agus ciapadh gnéis uirthi; gur tugadh ísliú céime dí nuair a tugadh ardú céime do chomhghleacaí eile; agus gur cuireadh stop lena cuid íocaíochtaí saoire tinnis.
Shéan an Stát na líomhaintí agus na gearáin reachtúla seo go hiomlán.


