Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Eolas tugtha ag Microsoft don Rialtas faoi bhaol do phostanna

06 IÚIL 2026, 19:02

Eolas tugtha ag Microsoft don Rialtas faoi bhaol do phostanna
Twitter Facebook

Tá sé curtha in iúl ag Microsoft don Rialtas go bhféadfadh sé go gcaillfí postanna in Éirinn mar chuid de chinneadh an chomhlachta ciorrú a dhéanamh ar a bhfoirean ar fud na cruinne.

Tá sé i gceist ag an ollchomhlacht 2.1% dá bhfoireann nó 4,800 duine a ligean chun bealaigh sa ráig is déanaí de chiorruithe domhanda ag fathaigh na teicneolaíochta.

Tá Microsoft, dála comhlachtaí móra eile, ag infheistiú go trom in infrastructúr na hIntleachta Saorga.

Dúirt an Roinn Fiontair go bhfuair siad fógra ó Microsoft inniu maidir le postanna a bheith á gcailleadh.

Tá dualgas ar chomhlachtaí fógra a thabhairt sa chás go bhfuil 30 post nó níos mó i gcontúirt,

Ní fios fós cé mhéad post de chuid Microsoft in Éirinn atá i mbaol.

Tá thart ar 6,000 duine fostaithe acu ó dheas den teorainn - 4,000 go díreach agus 2,000 i LinkedIn an comhlacht eile atá acu.

Dúirt urlabhraí de chuid Microsoft in Éirinn nach bhfuil sé i gceist acu mionsonraí a thabhairt faoin áit a gcaillfear na postanna.