Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bean, déagóir cúisithe i ndúnmharú Scarlett Faulkner

15 IÚIL 2026, 14:07

Scarlett Faulkner
Twitter Facebook

Tugadh bean 40 bliain d'aois agus cailín seacht mbliana déag os comhair Chúirt Dúiche an Aonaigh i gCo Thiobraid Árann agus iad cúisithe i ndúnmharú Scarlett Faulkner sa chontae sin níos luaithe i mbliana.

Gortaíodh go dona Scarlett Faulkner, máthair 29 bliain d'aois, nuair a ionsaíodh í ar bhóthar an R494 i gCnocán an Éin Fhinn i gCo Thiobraid Árann ar an 21 Márta agus bhásaigh sí san ospidéal trí seachtaine ina dhiaidh sin.

Bhí an bhean cúisithe roimhe seo i mí-ord foréigneach agus i nduine a chur i mbaol ach tá na cúisimh sin tarraingthe siar anois ar sheoladh an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Bhí an déagóir cúisithe roimhe seo in ionsaí a dhéanamh ar Scarlett Faulkner agus i ndíobháil a dhéanamh di ach tá na cúisimh sin tarraingthe siar anois chomh maith.

Níl cead an ainm an déagóra a fhoilsiú mar gur mionaoiseach í agus d'ordaigh an chúirt gan ainm na mná a fhoilsiú ach oiread.

Dúradh sa chúirt nach ndúirt ceachtar den bheirt chúisithe aon ní nuair a chúisigh na Gardaí iad sa dúnmharú.

Cuireadh an bheirt siar faoi choinneáil agus tiocfaidh siad os comhair na cúirte arís ar nasc físe arú amárach.

Tá tuairisc síceolaíochta ar an déagóir réitithe agus d'ordaigh an Breitheamh Marie Keane é a chur ar fáil don ionchúiseamh.

D'ordaigh an breitheamh freisin nach bhfoilseofaí ar na meáin shóisialta físeáin a d'fhéadfadh cur isteach ar ar thriail na beirte.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ