Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Sárú spriocdhátaí soilsithe i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga

16 IÚIL 2026, 12:43

An Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn
Twitter Facebook

Den dara huair an tseachtain seo, tá an Státchóras cáinte ag an gCoimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn faoi na "moilleanna suntasacha atá le cur i bhfeidhm reachtaíocht teanga náisiúnta" arb é "sárú chearta teanga lucht labhartha na Gaeilge" a dtoradh.

Ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh inniu, deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil "príomhchodanna den reachtaíocht [ceithre bliana tar éis a achtaithe] gan cur i bhfeidhm go fóill, agus spriocdhátaí reachtúla a bhain leo gan chomhlíonadh".

Luann sé go sonrach córas nua na gcaighdeán teanga, "a leagfaidh amach na seirbhísí nua a mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar i nGaeilge", chomh maith leis "na leibhéil inniúlachta sa Ghaeilge a chaithfidh a bheith ag fostaithe san earnáil phoiblí a bheidh ag seachadadh na seirbhísí sin".

Ba é Nollaig 2024 an spriocdháta reachtúil a bhain leis an gcóras sin a chur i bhfeidhm, ar sé, agus fágann sin nach bhfuil "seirbhísí poiblí riachtanacha i nGaeilge ar fáil fós ar fud na hearnála poiblí".

Tarraingíonn an Coimisinéir Teanga aird ina thuarascáil ar an bhfreagracht atá ar an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus deir sé gur "den riachtanas anois é go gcuirfí córas na gcaighdeán teanga i bhfeidhm ina iomláine gan a thuilleadh moille".

Arú inné, ag éisteacht de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTeach Laighean, dúirt Séamas Ó Concheanainn nach raibh "aon fhianaise chrua" aige go rabhthas ag iarraidh daoine atá inniúil i nGaeilge a earcú sa tSeirbhís Phoiblí "ar bhonn comhordaithe agus náisiúnta".

Cíorann sé an cheist sin sa tuarascáil bhliantúil freisin agus tugann le fios gur ceist í "a thagann aníos go coitianta sa 600 gearán a fhaigheann m'Oifig gach bliain".

Chomh maith leis na caighdeáin teanga, deir sé ina thuarascáil bhliantúil nár foilsíodh treoirlínte reachtúla áirithe go fóill ach an oiread.

Cuir i gcás, ar sé, cuireadh in iúl in imscrúdú reachtúil a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga ar Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann go raibh "géarghá" ann go bhfoilseodh an tAire na treoirlínte reachtúla a leagfaidh dualgas ar chomhlachtaí poibl foirmeacha iarratais oifigiúla a sholáthar i nGaeilge nó go dátheangach.

Deir sé gur sháraigh an tÚdarás Fuinnimh Inmharthana Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a thug an eagraíocht freagra i scríbhinn i mBéarla ar chomhfhreagras i scríbhinn i nGaeilge ó dhuine den phobal.

I riocht agus go rachfaí i ngleic le dúshláin mar é, ar sé, bhíothas ag súil go bhfoilseofaí na treoirlínte reachtúla ábhartha faoi Mhárta 2025 ar a dhéanaí.

Chinn imscrúdú reachtúil eile gur sháraigh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith.

Deir an Coimisinéir Teanga gur chlis ar an mBord "córas foirmiúil measúnaithe agus dearbhaithe inniúlachta Gaeilge a chur i bhfeidhm" agus bainisteoir sinsearach á earcú, cúram "a raibh ceanglas air ina leith de bhun gealltanais ina Scéim Teanga Oifigiúil".

Áirítear ceantair Ghaeltachta i raon freagrachta an Bhoird sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ