Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An méid alúmana a seoladh chun na Rúise as Eachinis dúbailte

16 IÚIL 2026, 11:58

An mhonarcha alúmana in Eachinis
Twitter Facebook

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan nach ndéanfadh an Rialtas aon chinneadh i dtaca leis an gconspóid faoin monarcha alúmana in Eachinis i gCo Luimnigh – ná faoi aon smachtbhannaí a d'fhéadfaí a chur ar an ionad – go dtí go bhfoilseofaí an tuarascáil neamhspléach faoin scéal.

Is le daoine ón Rúis an mhonarcha – Aughinish Alumina – agus easpórtáiltear go leor alúmana ón ionad chun na tíre sin, áit a mbruithnítear é agus a ndéantar alúmanam leis.

Creidtear, áfach, go mbaintear leas as an alúmanam sin sa Rúis chun airm a tháirgeadh.

Léiríonn figiúirí nua a foilsíodh ar nuachtán an Irish Independent inniu gur dhúbail an méid alúmana a easpórtáladh ón monarcha chun na Rúise go dtí 90,729 tonna idir mí Feabhra agus mí na Bealtaine i mbliana.

I ráiteas ó Ambasáid na hÚcráine in Éirinn, dúradh gur léirigh na figiúirí nua go raibh an mhonarcha "ag cur tacaíocht bhreise ar fáil do gheilleagar cogaíochta na Rúise" agus iarradh arís dul i ngleic leis an scéal.

Dúirt Jim O'Callaghan go bhfoilseofaí an tuarascáil neamhspleách as seo go ceann coicíse agus gurbh fhearr breathnú ar an bhfianaise a bheas ann sula ndéanfaí aon chinneadh.

Táthar ag tathant ar an Rialtas dul i ngleic le ceist na n-arm ar thaobh amháin agus gan cur isteach ar shlí mhaireachtála daoine in Eachinis agus sa réigiún máguaird ar an taobh eile.

Idir fhostaithe agus chonraitheoirí, tá thart ar 900 duine ag obair sa mhonarcha agus tá thart ar mhíle duine eile sa réigiún ag brath ar an gcomhlacht i slite éagsúla.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ