Tá Andy Burnham ceaptha go hoifigiúil mar Phríomh-Aire na Breataine tar éis do Keir Starmer éirí as an bpost.
Thug Keir Starmer a óráid dheireanach mar Phríomh-Aire i Sráid Downing ar maidin sula ndeachaigh sé féin agus Andy Burnham chuig Pálás Buckingham ag thart ar an am céanna le haghaidh shearmanas na ndintiúr.
Ina dhiaidh sin, thug an fear nua a óráid féin i Sráid Downing inar leag sé amach an fhís atá aige mar Phríomh-Aire agus inar thug sé eolas ginearálta faoi na polasaithe atá ar intinn aige a chur i bhfeidhm.
Dúirt sé, cuir i gcás, gur mhian leis bunriachtanais an tsaoil a thabhairt ar ais faoi smacht an phobail agus iad a dhéanamh níos inacmhainne.
Ba thagairt é sin do na seirbhísí poiblí ar fad a príobháidíodh sa Bhreatain ó ré Margaret Thatcher agus de réir pholasaithe eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh sular imigh an Bhreatain as an Aontas.
Tagann a ndúirt Andy Burnham san óráid sin leis an méid a thug sé féin agus a chuid urlabhraithe le fios nuair a ceapadh é ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre na Breataine Dé hAoine seo caite.
Dúirt sé agus dúradh thar a cheann ag an am gur ar an gcostas maireachtála a dhíreodh sé ar an gcéad dul síos.
Tuigtear go mb'fhéidir go n-ísleodh sé rátaí cánach ioncaim chomh maith leis na gálaí a ghearrtar ar ghóthais bheaga agus mheánmhéide.
Tá a chomhaireacht nua le hainmniú aige inniu freisin.
Tá sé deimhnithe ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn nach mbeidh sé sa chomhaireacht nua.
Is é Andy Burnham an cúigiú Príomh-Aire sa Bhreatain le ceithre bliana.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


