Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear cúisithe i dtiomáint chontúirteach sna Sceirí

20 IÚIL 2026, 14:16

Seán McGlone (Pic: Collins)
Twitter Facebook

Tugadh fear 29 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Brigín i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe i dtiomáint chontúirteach sna Sceirí arú aréir ar gortaíodh roinnt daoine dá bharr.

Sin é Seán McGlone as Céide Choill na Feá i nDroichead Átha i gCo Lú.

Dúradh sa chúirt gur gabhadh Seán McGlone ina theach cónaithe ag 6 a chlog tráthnóna inné agus gur tugadh é chuig Stáisiún Gardaí Bhaile Brigín, áit ar cúisiodh é i dtiomáint chontúirteach.

Dúradh nach ndúirt Seán McGlone aon ní nuair a cúisíodh é sa chion.

D'iarr abhcóide an chúisí a chliant a scaoileadh saor ar bannaí agus dúirt na Gardaí nach gcuirfidís in aghaidh an iarratais sin fad is a chuirfí coinníollacha áirithe leis.

Ceadaíodh an t-iarratas agus d'ordaigh an Breitheamh Stephanie Coggins don chúisí teacht i láthair na nGardaí i stáisiún Bhaile Brigín trí huaire sa tseachtain idir seo agus an chéad uair eile a thiocfas sé os comhair na cúirte ar an 23 Meán Fómhair.

Ordaíodh dó freisin fanacht amach ó Bhaile Brigin agus ó na Sceirí, é féin a iompar go maith agus gan aon deoch mheisciúil a ól.

Baineann an cás le gluaisteán a tiomáineadh isteach i slua daoine ar Bhóthar an Chuain sna Sceirí ag 10 a chlog oíche De Sathairn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ