Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Scútair leictreacha: bearta nua sábháilteachta socraithe

20 IÚIL 2026, 14:38

Scútair leictreacha: bearta nua sábháilteachta le tabhairt isteach
Twitter Facebook

Ní bheidh cead ag daoine faoi ocht mbliana déag d'aois scútar leictreach a bheith acu, de réir moltaí nua ón Rialtas.

Tá an teorainn aoise ar cheann de roinnt moltaí maidir le scútair leictreacha atá le cur i bhfeidhm ag an Rialtas i bhfianaise na contúirte a bhaineann leo mar chóir thaistil, ceist atá i mbéal an phobail le scaitheamh.

Beidh ar dhaoine freisin seaicéad lonrach agus clogad a chaitheamh agus ag iad tiomáint scútar leictreach, de réir na moltaí nua a dtiocfaidh feidhm leo an mhí seo chugainn.

Ina cheann sin, tabharfar reachtaíocht nua isteach amach sa bhliian faoina rangófar scútar leictreach mar fheithicil inneallghluaiste a chaithfear a cheadúnú agus a chlárú.

Beidh cosc freisin ar scútair leictreacha a dhíol le mionaoisigh agus cosc eile fós ar scútair leictreacha nach gcomhlíonann bunchaighdeáin a dhíol le duine ar bith.

Níl cosc iomlán ar scútair leictreacha curtha as an áireamh, a dúradh.

Níos túisce inniu, tháinig le chéile an Taoiseach, an Tánaiste an tAire Dlí agus Cirt, an tAire Stáit um Ghnóthaí Iompair agus Coimisinéir an Gharda Síochána le ceist na scútar leictreach a chíoradh.

I nDáil Éireann Dé Máirt seo caite, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh sé den tuairim go mb'fhéidir gur cheart cosc iomlán a chur ar scútair leictreacha in áiteanna poiblí.

An lá dar gcionn, dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Justin Kelly le coiste Oireachtais go gcuirfeadh na Gardaí i bhfeidhm pé reachtaíocht a bheadh ann agus thug le fios go dtacádh sé le cosc iomlán dá dtabharfaí isteach é.

I dtuarascáil a d'fhoilsigh Sláinte Leanaí Éireann le gairid, léiríodh imní faoin líon daoine óga atá ag fáil cóir leighis san ospidéal ar ghortú inchinne de bharr timpiste ar scútair leictreacha.

De réir an dlí atá ann faoi láthair, ní mór do thiománaí scútair leictrigh a bheith sé bliana déag d'aois ar a laghad agus níl cead dul thar luasteorainn de 20 ciliméadar san uair.

Dúirt an tAire Stáit Seán Canney roimh an gcruinniú inniu nach bhféadfadh cúrsaí fanacht mar atá agus thug le fios go gcaithfí an dlí a leasú agus bearta nua sábháilteachta a thabhairt isteach.

Níl ann, arsa sé, ach breathnú ar na roghanna éagsúla – cosc iomlán san áireamh – agus cinneadh a dhéanamh ina leith.

Is é an rud an tábhachtaí, a dúirt sé, na bearta nua a thabhairt isteach a luaithe is féidir agus a chinntiú go mbeidh éifeacht leo.

Thug Seán Canney le fios freisin go gcaithfí reachtaíocht a thabhairt isteach chun cosaint a thabhairt do Ghardaí a théann sa tóir ar dhaoine ar scútair leictreacha agus ar ghluaisrothair streachailte.

Ní mór freisin, a dúirt sé, sainoiliúint a chur ar Ghardaí sa chúram sin.

D'iarr sé ar thuismitheoirí a gcúram féin a chomhlíonadh agus gan ligean dá bpáistí dul thart ar scútar leictreach.

D'fhógair na miondíoltóirí ar líne Amazon agus AliExpress le cúpla lá nach ndíolfaidís scútair leictreacha feasta agus d'iarr roinnt polaiteoirí ar mhiondíoltóiri eile déanamh amhlaidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ