Tá fíneáil €550 milliún gearrtha ag an Aontas Eorpach ar an miondíoltóir ar líne ón tSín, AliExpress, as táirgí neamhdhleathacha, táirgí neamhshábháilte agus táirgí góchumtha a dhíol.
Chomh maith leis an bhfíneáil ollmhór, d'ordaigh an Coimisiún Eorpach do AliExpress bearta stuama éifeachtacha a mholadh chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
Ordaíodh na bearta sin a mholadh roimh an 20 Deireadh Fómhair, é sin nó d'fhéadfaí tuilleadh pionós a ghearradh ar an gcomhlacht san Eoraip.
Dúirt ceannasaí teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh, an Coimisinéir Henna Virkkunen, go gcuireann táirigí neamhshábháilte tomhaltóirí i mbaol agus gur éagóir é ar chomhlachtaí a chloíonn leis na rialacha.
Bhí 193 milliún úsáideoir ag AliExpress san Aontas Eorpach anuraidh, i gcomparáid le 156 milliún ag Shein agus 130 milliún ag Temu.
Gearradh fineáil €200 milliún ar Temu dhá mhí ó shin agus tá cleachtais Shein a bhfiosrú ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair.
Dúirt Alibaba inniu gur fíneáil thar fóir a bhí gearrtha ag an Aontas Eorpach ar an gcomhlacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


