Tá na seirbhísí dóiteáin ag dul i ngleic le falscaí atá ag dó ar Shliabh na mBan i gCo Thiobraid Árann ó mhaidin inniu.
Is i gceantar Bhaile Phádraig ar an taobh ó dheas den sliabh atá an falscaí ag dó.
Cuireadh fios ar na seirbhísí dóiteáin i gCluain Meala ag thart ar 8.30 ar maidin agus tháinig aonad dóiteáin eile ó Charraig na Siúire chuig an láthair ina dhiaidh sin.
Deir na seirbhísí dóiteáin go bhfuil siad ag lorg cúnamh ar an Aerchór lena fháil amach cén treo atá faoi na lasracha, cé na tailte is mó atá i mbaol agus cén díobháil atá déanta cheana.
Deir siad freisin nach fios fós cad ba shiocair leis an tine.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


