Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh, ciontaíodh fear 33 bliain d'aois i ndúnmharu Michael Foley, 61 bliain, sa chontae sin dhá bhliain go leith ó shin.
Dúradh i dtriail Daniel Hourigan, as Fearann an Rí i gcathair Chorcaí ó dhúchas, gur sádh Michael Foley aon uair déag agus gur gearradh é naoi n-uaire déag ina theach cónaithe i Maigh Chromtha.
Cleamhnaithe ab ea an bheirt fhear.
Chaith an giúiré os cionn deich n-uaire an chloig ag cíoradh an cháis sular tháinig siad ar fhíorasc d'aon ghuth tráthnóna inniu.
Bhí Michael Foley ina chónaí i dteach beag in eastát sciath-thithíochta i bPlás an Bhairéadaigh i lár Mhaigh Chromtha agus is ann a fuair oibrí cúraim a chorp ar an 6 Feabhra 2024.
Ba as Scairteach i gCloich na Coillte ó dhúchas é agus bhí ceathrar clainne air.
Dúnmharaíodh a dheartháir Timmy i Maigh Chromtha beagnach ocht mbliana ó shin.
Sádh Timmy Foley 28 uair ina theach cónaithe i mí Dheireadh Fómhair 2018 agus ciontaíodh a iarbhean chéile Rita O'Driscoll ina dhúnmharú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


