Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Aistriú croí faighte ag Dáithí Mac Gabhann

21 IÚIL 2026, 18:12

Dáithí Mac Gabhann ag teacht chuige féin san ospidéal
Twitter Facebook

Tá sé deimhnithe ag muinitr Dháithí Mhic Gabhann as Béal Feirste go bhfuil aistriú croí faigthe ag an mbuachaill óg cáiliúil ar baisteadh 'Dlí Dháithí' ar dhlí nua maidir le deonú orgán ina onóir.

Naoi mbliana d'aois atá Dáithí a bhí ag fanacht le croí nua ó 2018.

I dteachtaireacht a phostáil a mhuintir ar na meáin shóisialta ar maidin inniu, dúradh go raibh croí nua faigthe aige agus go raibh sé ag teacht chuige féin.

Ghabh siad buíochas mór le muintir an duine a dheonaigh an croí as a ngnaíúlacht tráth a ndobróin.

Cé go mb'iontach an scéal é an obráid a bheith déanta, arsa siad, tá bóthar fada roimh Dháithí i gcónaí.

Dáithí Mac Gabhann agus a athair Máirtín i Stormont ar an 1 Meitheamh 2023, an lá a tháinig feidhm le 'Dlí Dháithí'

Trí bliana ó shin, de thoradh fheachtas fada mhuintir Mhic Gabhann, tugadh isteach dlí nua sa Tuaisceart faoina nglactar leis gur deontóir orgán é beagnach gach duine fásta atá tar éis bháis.

Is é sin, glactar leis nár mhiste le daoine go mbainfí leas as a gcuid orgán mura raibh a mhalairt tugtha le fios go sonrach acu agus iad ina mbeatha.

Bhí an dlí i bhfeidhm sa Bhreatain cheana féin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ