Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Chris Bryant Stát-Rúnaí nua an Tuaiscirt

21 IÚIL 2026, 18:02

Chris Bryant
Twitter Facebook

Is é Chris Bryant atá ceaptha mar Stát-Rúnaí an Tuaiscirt ag Príomh-Aire nua na Breataine Andy Burnham.

Aire trádála i rialtas an iarPhríomh-Aire Keir Starmer a bhí in Chris Bryant roimhe seo.

Tagann sé in áit Hilary Benn a bhí ina Stát-Rúnaí an Tuaiscirt ar feadh dhá bhliain go dtí gur bhris Andy Burnham as phost é inné.

Feisire parlaiminte Rhondda agus Ogwr sa Bhreatain Bheag ó 2001 is ea Chris Bryant atá 64 bliain d'aois.

Bhí sé ina shagart Anglacánach idir 1986 agus 1991.

Níos luaithe an mhí seo, dúirt sé go raibh Rialtas na Breataine ag cuimhneamh ar chosc a chur ar thrádáil le háitribh mhídhleathacha Iosraelacha i gcríocha na bPalaistíneach ach thug le fios go mbeadh sé an-deacair earraí as na háiteanna sin a idirdhealú ó earraí eile.

Dúirt ceannaire an DUP Gavin Robinson go raibh súil aige go leanfadh Chris Bryant den obair a bhí idir lámha ag Hilary Benn maidir le buiséad agus struchtúir nua airgeadais a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart, seachas tabhairt faoin obair sin arís ón tús.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ