Tá 2 bhliain d'ordú promhaidh agus 100 uair a chloig de sheirbhís pobail gearrtha ar oibrí sláinte as Co Ard Mhacha a ciontaíodh as grianghraifeanna agus físeáin mhaslacha d'othair in áras do dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu a scaipeadh.
Bhí 7 gcinn de chúiseamh admhaithe ag Ciara Corvan - 28 bliain d'aois, as Radharc na hArdeaglaise i gCathair Ard Mhacha - cúisimh faoi neamart agus mí-úsaid othar idir mí Dheireadh Fómhair 2022 agus mí na Samhna 2023.
Bhain na cionta le ceathrar othar, beirt bhan agus beirt fhear, a bhí faoina cúram san Aonad Cúram Néaltrú in Ospidéal Craigavon.
Bhí néaltrí aibithe ar an gceathrar.
Is é an chéad chúiseamh dá shórt é i dTuaisceart Éireann.
Ag an éisteacht le pionós a ghearradh uirthi inniu d'inis abhcóide Chiara Corvan don Bhreitheamh Patrick McGurgan go raibh litir curtha aici chuig muintir na ndaoine a d'fhulaing ag rá go raibh sí go mór in aiféala faoin bpian agus fulaingt a bhí tarraingthe aici.
Bhí daoine muinteartha leis na hothair sa gcúirt agus pionós á ghearradh ar an mbean a bhíodh fostaithe ina cúntóir sinsearach altranais.
Tugadh fianaise gur scaip sí na pictiúir agus físeáin i measc comhghleacaithe.
Cuireadh ar fionraí as a post í nuair a thug na comhghleacaithe sin tuairisc faoin méid a bhí ar bun aici.

Ag labhairt tar éis na héiteachta cúirte dúirt gaolta leis an gceathrar a d'fhualing gur "daoine lách, príobháideacha a bhí iontu nach raibh in ann labhairt ar a son féin sna blianta deiridh a bhí acu, agus déanadh sárú maslach ar a mbun-chearta.
Cé nach mbainfidh pionós ar bith an dochar as an méid a déanadh tá muid buíoch gur léir anois gur coir é a bheith ag ciapadh agus ag magadh faoi dhaoine atá lag leochaileach".
Deir Póilíní Thuaisceart Éireann go bhfuil súil acu "gur sampla é do lucht altranais a bhfuil daoine leochaileacha faoina gcúram".


