Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bean cúisithe faoi bhuama i gcarr curtha siar faoi choinneáil

27 IÚIL 2026, 15:51

Isobella Perrie Sullivan á tabhairt os comhair cúirte Dé hAoine
Twitter Facebook

Tá bean 25 bliain d'aois atá cúisithe faoi bhuama a fritheadh i gcarr i gCarraig Mhachaire Rois i gCo Mhuineacháin Dé Céadaoin seo caite curtha siar arís faoi choinneáil.

Tá sé curtha i leith Isobella Perrie Sullivan, as Claonadh i gCo Chill Dara, go raibh ábhar pléascach ina seilbh nuair a tugadh os comhair Chúirt Dúiche Mhuineacháin inniu í ar nasc físe as Príosún na mBan i Muinseo.

Dé hAoine, ag suí speisialta de Chúirt Dúiche Bhaile Átha Troim, bronnadh bannaí uirthi ar an gcoinníoll, i measc coinníollacha eile, go dtiocfadh sí ar urrús neamhspleách luach €15,000.

Inniu dúradh ar dtús ar maidin léi go raibh sí á cur siar arís faoi choinníoll go ceann coicíse, ach ina dhiaidh sin cheadaigh an Breitheamh iarratas uaithi go gcuirfí a cás ar an liosta i gCúirt Dúiche an Chabháin amárach.

Dúirt an Breitheamh Raymond Finnegan nach raibh dlíodóir ag Isobella Perrie Sullivan sa gcúirt agus chuir sé siar faoi choinníoll í go dtí an 7ú Lúnasa.

Labhair Isobella Perrie Sullivan ansin ag rá "Cheap mé go mbeifí á mo scaoileadh amach inniu ar bannaí".

D'fhreagair an Breitheamh Finnegan nach raibh iarratas curtha faoina bhráid le urrús a dheimhniú mar sin nárbh fhéidir í a ligean amach ar bannaí.

Thug comhalta de chuid Aonad Speisialta na mBleachtairí le fios go raibh na Gardaí fós i mbun fiosraithe faoin urrús a bhí curtha ar fáil.

Dúirt uiríolla na nGardaí nach raibh aon amhras ar an Stát faoi charachtar an té a bhí ag tairiscint an urrúis ach nár chreid siad gur urrús neamhspleách a bhí ann.

Amach sa lá ansin a ceadaíodh an t-iarratas ón abhcóide Sara Brennan go bpléifí ceist an urrúis sa gcúirt sa gCabhán amárach.