Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Noreen McHugh tar éis bháis san ospidéal

12 LÚNASA 2026, 11:28

Noreen agus James McHugh
Twitter Facebook

Bhásaigh san ospidéal tráthnóna inné Noreen McHugh tar éis di a bheith gortaithe go dona sa timpiste bóthair inar maraíodh a fear céile, an t-iarpheileadóir aitheanta le Dún na nGall James McHugh.

Maraíodh James McHugh ar an toirt nuair a bhuail an gluaisteán a bhí sé a thiomáint agus veain faoina chéile i gCo an Chabháin arú inné.

Tharla an tubaiste ar bhóthar an N3 i nDroim Mallacht idir Achadh an Iúir agus baile an Chabháin.

Bhí Noreen McHugh ina paisinéir sa ghluaisteán agus tugadh í ar héileacaptar ón láthair go dtí Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath, áit ar éag sí tráthnóna inné.

Bhain mionghortuithe do thiománaí an veain agus tugadh eisean chun an ospidéil chomh maith.

James McHugh
James HcHugh

D'imir James HcHugh peil do Dhún na nGall idir 1990 agus 1998.

Sa líne thosaigh ar chlé a d'imir sé i gcluiche ceannais Chraobh na hÉireann i 1992, tráth a fuair Dún na nGall an ceann is fearr ar Bhaile Átha Cliath le ceithre chúilín.

Scóráil James McHugh ceann de na hocht gcúilín déag a fuair na Conallaigh an lá sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ