Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An pobal ar fud na tíre ag déanamh iontais d'urú na gréine

12 LÚNASA 2026, 19:39

An léargas ar urú na gréine ó Sheanchill i mBaile Atha Cliath
Twitter Facebook

Tharla páirtúru na gréine in Éirinn tráthnóna inniu, díreach mar a tuaradh, agus deis ag an bpobal ar fud na tíre iontas a dhéanamh den fheiniméan nádúrtha neamhchoitianta.

Thosaigh an ghealach ag urú na gréine in Éirinn ag thart ar 6 a chlog tráthnóna agus nocht sí arís í go hiomlán ag thart ar 8 a chlog.

Is idir an dá linn sin –ag 7.10 –a bhí an buaicurú ann agus bordáil ar dhá nóiméad a mhair sé.

Dhorchaigh an spéir agus d'fhionnuaraigh an t-aer ar feadhan chúpla meandar sin, rud a chuir dubh-iontas ar go leor agus fionnaitheacht ar roinnt eile, b'fhéidir.

Crowds gather in the Phoenix Park ahead of the solar eclipse
Daoine bailithe i bPáirc an Fhionnuisce le breathnú ar an urú

I mbeagán focal, is é an ní is urú na gréine ann an ghealach a dhul sa bhealach ar thaitneamh na gréine ar an bpláinéad seo – comhtharlú cosmach nach dtarlaíonn ach uair sna naoi n-airde in áiteanna áirithe sna naoi n-airde.

Is le spéaclaí speisialta a bhreathnaigh na mílte ar an radharc suaithinseach.

Comhairlíodh do dhaoine eile gan lán na súl a bhaint as an urú ach breathnú air as deireadh na súl, nó claonamharc a thabhairt air anois is arís.

Páirturú a bhíothas a thabhairt air ach páirt mhór a bhí ann, más ea, ós idir 92% agus 98% den ghrian a bhí clúdaithe ag an ré úr – 92% i mBaile Átha Cliath, 98% i ndeisceart agus in iarthar na tíre.

Nach ar mhuintir thuaisceart na Spáinne a bhí an t-ádh agus léargas acusan ar lánurú!

A total solar eclipse is seen in Palencia, Spain
Palencia i dtuasceart na Spáinne

Is sa Rúis is túisce a chonacthas an t-urú sular théaltaigh sé soir trasna an leathsféir thuaidh.

Is ar an 11 Lúnasa 1999 a bhí an t-úrú gréine deireanach in Éirinn agus is in 2090 a bheas an chéad cheann eile ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ