Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear sna fichidí báite i gCo an Chabháin

12 LÚNASA 2026, 21:53

Tugadh corp an fhir go hOspidéal Ginearálta an Chabháin
Twitter Facebook

Bádh fear sna fichidí in abhainn i gCo an Chabháin inné.

Tuigtear gur thit an fear in Abhainn na hEoghancha i nDroim an Ráith, Béal Átha hÉis, ag thart ar 8.30 tráthnóna inné.

Thug na seirbhísí éigeandála an fear amach as an uisce ach is amhlaidh a cailleadh é ar an mball.

Tugadh corp an fhir go hOspidéal Ginearálta an Chabháin, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ