Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ógánach as Éirinn básaithe sa Ghréig

13 LÚNASA 2026, 17:50

Alex McKee
Twitter Facebook

Bhásaigh óganach seacht mbliana déag d'aois as Éirinn agus é ar saoire sa Ghréig Dé Domhnaigh seo caite.

Tá fiosrúchán ar bun ag na póilíní faoi bhás Alex McKee as Corcaigh ar oileán Kimolos i ndeisceart na Mara Aeigéiche.

Thuairiscigh craoltóir seirbhíse poiblí na Gréige ERT gur bhásaigh an t-ógánach i dtimpiste a tharla i dteach cónaithe ar an oileán.

Tá corp Alex McKee tugtha go Piréas ar an míntír, áit a bhfuil scrúdú iarbháis dlí-eolaíochta á dhéanamh air.

Is as an nGréig ó dhúchas máthair Alex agus bhí sé ar cuairt chuig daoine muinteartha leis nuair a bhásaigh sé.

Bhí Alex le dul isteach i mbliain na hArdteistiméireachta i bPobalcholaiste Thraolaigh Mhic Shuibhne i gCnoc na hAoine i gcathair Chorcaí.

Mí Eanáir seo caite, bronnadh duais Ombudsman na Leanaí ar Alex agus ar bheirt daltaí eile sa scoil sin sa chatagóir sláinte agus folláine i gcomórtas Eolaí Óg na Bliana.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ