Bádh fear sna caogaidí in Abhainn na Bandan i nDún Mánmhaí in iarthar Chorcaí tráthnóna inné.
Feirmeoir ab ea an fear agus tuigtear go ndeachaigh sé i ndeacracht agus é ag cur uisce as an abhainn i mbairillí lena thabhairt dá eallach.
Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála, thug siad an fear as an abhainn ach bhí sé caillte faoi am sin.
Tugadh corp an fhir go hOspidéal Ollscoil Chorcaí, áit a bhfuil scrúdú iarbháis le déanamh air.
I ráiteas, dúirt na Gardaí go bhfuil scéala curtha acu chuig an gcróinéir áitiúil agus chuig an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta faoi bhás an fhir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


