Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fothoghchán Clacton buaite ag Nigel Farage

14 LÚNASA 2026, 09:03

Nigel Farage tar éis dó a vóta a chaitheamh inné
Twitter Facebook

Is é ceannaire Reform UK Nigel Farage a bhuaigh an fothoghchán parlaiminte i dtoghcheantar Clacton in oirtdheisceart Shasana, mar a bhí súil leis.

Fógraíodh an toradh go hoifigiúil go gairid tar éis 6 a chlog ar maidin inniu.

22,239 vóta a fuair Nigel Farage, sin 62.82% den vóta iomlán, i gcomparáid leis an 9,455 vóta a fuair an t-áilteoir Count Binface a tháinig sa dara háit.

San olltoghchán in 2024, is 21,225 vóta a fuair Nigel Farage, sin 46.2% den vóta iomlán.

44.37% den phobal a chaith vóta an uair seo, sin laghdú de 14% ó 2024.

Dúirt Nigel Farage gur chruthaigh toradh an fhothoghcháin go bhfuil tacaíocht ollmhór aige sa phobal.

Thug sé le fios nach mbeadh sé san ionad comhairimh nuair a d'fhógrófaí an toradh mar gur inis na póilíní dó go raibh sé beartaithe ag feachtasóirí beithé a dhéanamh faoi agus é ar an ardán.

Dúirt Reform UK gur chomhairligh na póilíní dó gan dul chuig an ionad comhairimh mar gheall ar bhagairt a bhí déanta air.

Thuairiscigh an Press Association, áfach, nár thug na póilíní comhairle mar é d'aon iarrthóir.

Reáchtáladh an fothoghchán tar éis do Nigel Farage éirí as a shuíochán an mhí seo caite agus a fhógairt go rachadh sé san iomaíocht arís don suíochán céanna.

D'éirigh sé as an suíochán mar agóid in aghaidh fiosrúcháin atá Parlaimint Westmister a dhéanamh faoi shíntiúis áirithe a fuair sé agus mar agóid in aghaidh ceisteanna ó na meáin chumarsáide faoi na síntiúis sin.

Rinne na príomhpháirtithe polaitíochta i Sasana baghcat ar an bhfothogchán de bhrí, a dúirt siad, gur chreid siad nach raibh ann ach cleasaíocht ag Nigel Farage.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ