Maraíodh príosúnach in ionsaí a rinneadh air ina chillín i bPríosún Pháirc na Cruithneachta in iarthar Bhaile Átha Cliath aréir.
Bhí an fear ag roinnt an chillín le príosúnach eile.
Baile Átha Cliathach a bhí san fhear a maraíodh agus bhí sé 39 bliain d'aois.
Bhí téarma príosúin dhá bhliain agus naoi mí á chur isteach aige faoi dhrugaí a bheith ina sheilbh aige agus rún aige iad a dhíol nó a sholáthar.
I ráiteas, dúirt Seirbhís Phríosúin na hÉireann go bhfuil bás an fhir á fhiosrú ag an tseirbhís féin, ag Oifig an Chigire Príosún agus ag na Gardaí.
Rinneadh comhbhrón sa ráiteas le teaghlach an fhir a maraíodh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


