Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Indinéis buailte ag 2 chrith talún

15 LÚNASA 2026, 16:14

Scrios agus marú san Indinéis
Twitter Facebook

Tá ar a laghad 47 duine marbh i ndiaidh 2 chrith talún san Indinéis.

Bhuail an chéad cheann oirthear na tíre go moch ar maidin am na háite,bhuail an dara ceann oileán Sumatra san Iarthar ina dhiaidh sin.

7.7 ar an scála richter a bhí ag an gcéad cheann; maraíodh suas le 38 sa tubaiste sin.

Bhí cumhacht 6.4 ag an dara ceann agus tá a fhios go dti seo gur maraíodh naonar ansin.

Tá fainic curtha ag na húdaráis ar dhaoine a bheith san airdeall ar iarchreathanna.