Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Éireannaigh ag tnúth le tuilleadh boinn Eorpacha

15 LÚNASA 2026, 17:22

Ellen Walshe le bonn óir eile
Twitter Facebook

Idir an linn snámha i bPáras agus an raon reatha i Birmingham tá na hÉireannaigh ag déanamh a gcion féin ag na comórtais Eorpacha.

Go gairid roimh a 6 a'chlog tráthnóna nár chroch an snámhóir Ellen Walshe bonn óir léi.

I rása meascra aonair an 200m a bhuaigh Ellen Walshe an bonn óir, an dara ceann ag bean Bhaile Átha Cliath ag an gcomórtas seo de Chraobh Snámha na hEorpa.

Sa 5ú háit a bhí sí cuid mhaith den rás, ach ansin bhain searradh as na guaillí agus cosa go luafar, as go brách léi sa 50 méadar deiridh le críochnú sa gcéad áit.

Tá laoch eile snámha de chuid na tíre seo i ndiaidh cáiliú tráthnóna don rás ceannais 50m buille an bhrollaigh.

Sa 7ú háit a chríochnaigh Mona McSharry ó thaobh ama dhe, duine d'ochtar a bheidh sa rás ceannais amárach.