Séamus Ó Scanláin
Dá mbeadh 2 mhéadar eile den rás seo le rith is ag an mBreatain cinnte a bheadh an bonn óir i rás sealaíochta 400m de Chraobh Eorpach na bhFear i Birmingham anocht.
Mar a tharla is í foireann na hIodáile a bhuaigh an chraobh seo i gcríoch an-drámatúil.
Ar an timpeallán deiridh a thóg Charlie Dobson an bata agus é roinn méadar ar chúl a chéille comhraic ón Iodáil.
Fear eisceachtúil tapa é Dobson agus bhí na Breatainigh ag súil go sáródh sé an tIodálach ar an stráice 100 méadar deiridh.
Déarfadh go leor gur fhág sé ró-mhall é ag géarú faoin luas; scór méadar ó cheann scríbe ba léir go raibh an bhearna á dúnadh go mear.
Ní raibh ach orlaí idir an bheirt iomaitheoirí agus an líne chríche á trasnú ar dtús ag an Iodálach.
Údar ceiliúrtha agus faoisimh don 'Azzuri', bonn airgid ag an mBreatain i ndiaidh a gcuid anró uilig.
An Ísiltír a chroch leo an Bonn Cré-Umha.
I rás sealaíochta na mban san achar céanna, bhí mná na hÍsiltíre i bhfad ró-láidir dá gcéillí comhraic i gCraobh na hEorpa uair amháin eile ag buachan an chomórtais seo anois don 3ú huair as a chéile.


