Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Dul chun cinn á dhéanamh ag lucht tarrthála i Neipeal'

01 MEÁN FÓMHAR 2026, 09:42

Lot tíre déanta ag an maidhm thuile i gceantar Nuwakot i Neipeal
Twitter Facebook

Os cionn 1,000 duine a áirítear go hoifigiúil anois a bheith maraithe mar gheall ar an maidhm thuile a tharla ar an teorainn idir Neipeal agus an Tibéid sé lá ó shin. Tá 4,500 eile ar iarraidh, a bhformhór mór i Neipeal.

Tá an líon daoine atá ar iarraidh i Neipeal á laghdú de bheagán ó lá go lá de réir mar a thagann lucht tarrthála ar choirp na ndaoine a scuabadh chun bealaigh sa mhaidhm.

Deir na húdaráis ansin gur eachtrannaigh iad 583 de na 4,000 duine atá ar iarraidh, lena n-áirítear beirt saoránach Éireannacha, Santosh Sahu, atá 46 bliain d'aois, agus Spandan Sahu, atá ocht mbliana déag.

Tá sé á thuairisciú sa tSín, a bhfuil an Tibéid faoina smacht, gur eachtrannaigh iad 261 de na 500 duine atá ar iarraidh ansin.

Tuairiscítear roinnt dul chun cinn a bheith á dhéanamh ag lucht tarrthála i Neipeal agus iad ag iarraidh teacht chomh fada leis na céadta duine a cheaptar atá sáinnithe i líonra fada tollán sa cheantar inar tharla an tubaiste.

Tráthnóna inné, chuir innealtóirí poll mór le hábhar pléascach sa mheascán ábhair a bhí sa bhealach orthu agus tá súil ag lucht tarrthála teacht chomh fada le cuid de na tolláin gan mhoill.

Tá sé tugtha le fios ag Príomh-Aire Neipeal Balendra Shah gur tarrtháladh barr ar 11,000 duine go nuige seo agus dúirt go raibh cumhacht leictreach agus áiseanna cumarsáide ag daoine arís in áiteanna áirithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ