Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Déagóir cúisithe i ndúnmharú fir i nDún Geanainn

01 MEÁN FÓMHAR 2026, 10:20

Tharla an t-ionsaí i dteach cónaithe i nDún Geanainn i gCo Thír Eoghain ar maidin Dé Sathairn
Twitter Facebook

Tugadh buachaill sé bliana déag d'aois os comhair cúirte san Ómaigh i gCo Thír Eoghain inniu agus é cúisithe i ndúnmharú fir agus in iarracht a dhéanamh bean chéile agus iníon an fhir a dhúnmharú i nDún Geanainn sa chontae sin trí lá ó shin.

Maraíodh an fear 61 bliain d'aois in ionsaí a rinneadh air i dteach cónaithe i nDún Geanainn ag thart ar 11 a chlog ar maidin Dé Sathairn.

Ionsaíodh bean chéile an fhir agus a iníon ocht mbliana d'aois freisin, agus gortaíodh go han-dona an cailín óg.

Deirtear go bhfuil bail sheasmhach san ospidéal ar an gcailín anois, a bhuíochas sin ar na póilíní a chuir cóireáil leighis gharchabhrach uirthi ar an mball.

Tugadh an mháthair chun an ospidéil chomh maith agus deirtear nach bhfuil a beatha i mbaol.

Sa chúirt óige san Ómaigh inniu, d'iarr aturnae an chúisí measúnú meabhairshláinte a dhéanamh ar a chliant.

Cheadaigh an Breitheamh Conor Heaney an t-iarratas agus chuir sé an déagóir siar faoi choinneáil go dtí an 15 Meán Fómhair, tráth a thabharfar os comhair na cúirte arís é ar nasc físe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ