Tar éis bháis san ospidéal tá fear ón bpobal Romach a gortaíodh go dona i scliúchas a tharla i ndeisceart Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite.
Ba é sin Siminic Rostaș, 24 bliain d'aois, a raibh cóir leighis á chur air in Ospidéal Beaumont ó ionsaíodh é i bpáirc ghnó in Áth an Ghainimh tráthnóna Dé Sathairn.
Tháinig scéala báis Siminic Rostaș agus fear 23 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Dhún Laoghaire faoina ionsaí.
An fear sin, Cristian Demian, a bhfuil seoladh baile aige ar Bhóthar Bhinn Éadair i Ráth Eanaigh, bhí sé cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar Siminic Rostaș agus i ndíobháil a dhéanamh dó, agus bhí a iarratas ar bhannaí á éisteacht sa chúirt nuair a tháinig an scéala báis.
Leis sin, chuir an Breitheamh Conor Fottrell an cúisí siar faoi choinneáil agus d'ordaigh é a thabhairt os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar seachtain ó inniu, an 8 Meán Fómhair.
Tá Cristian Demian cúisithe freisin i mí-ord foréigneach sa pháirc ghnó in Áth an Ghainimh.
Bhí fear eile os comhair na cúirte inniu chomh maith agus é cúisithe i mí-ord foréigneach san áit chéanna.
Sin é Kevin Rostaș, 21 bliain d'aois, a bhfuil seoladh baile aige ar Shráid Harrington i mBaile Átha Cliath 8.
Deir na Gardaí go raibh roinnt fear páirteach sa scliúchas sa pháirc ghnó, a raibh cúig dhuine dhéag ón bpobal Romach ag cur fúthu in áitreabh díomhaoin ann.
Chomh maith le Siminic Rostaș, gortaíodh go dona beirt eile sa scliúchas.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


