Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Téamh na cruinne: 'is cinnte go sárófar an 1.5 céim'

02 MEÁN FÓMHAR 2026, 09:45

Loch Guija in El Salvador inné
Twitter Facebook

Tá sé tugtha le fios ag gníomhaireacht comhshaoil na Náisiún Aontaithe gurb í an fhírinne shearbh nach mbeidh rath ar iarrachtaí an t-ardú leanúnach atá ag teacht ar theocht an domhain a choinneáil faoi bhun 1.5 céim, an sprioc a leagadh amach i gComhaontú Pháras in 2015.

1.5 céim os cionn an leibhéil a bhí ann roimh an ré thionsclaíoch atá i gceist.

In áit díriú ar an sprioc sin a bhaint amach, is fearr anois an t-ardú atá ag teacht ar an teocht a bhainistiú agus gan ligean do chúrsaí dul ó smacht ar fad, a deirtear i dtuarascáil nua ón ngníomhaireacht comhshaoil.

Tá leithscéal roimh ré i gComhaontú Pháras, áfach, arae níl sa 1.5 céim ach "sprioc" le hais an "ghealltanais" a thugtar ann gan ligean don ardú ar an teocht dul thar 2 chéim.

Ar a shon sin is uile, níl an tuarascáil nua gan damhna dóchais, agus deir na húdair cé gur cinnte go sárófar an 1.5 céim go bhféadfaí dul siar go dtí é ina dhiaidh sin ach an toil a bheith ann agus na beartais is stuama a chur i bhfeidhm.

Le sprioc de chineál ar bith a bhaint amach, ní mór astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí iontaise a laghdú go suntasach agus go pras.

Ní mór freisin carbón a shú as an aer agus a stóráil, ar dúshlán mór acmhainne agus teicneolaíochta é sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ