Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Scútair leictreacha: amhras ar dhochtúir faoi reachtaíocht nua

02 MEÁN FÓMHAR 2026, 11:54

Feidhm le dlíthe nua maidir le scútair leictreacha ón Aoine beag seo
Twitter Facebook

Ní bheidh aon ghar i reachtaíocht nua atá le tabhairt isteach maidir le scútair leictreacha mura neartaítear na cumhachtaí atá ann lena chur i bhfeidhm, dar le lia comhairleach sa leigheas éigeandála in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath.

Ón Aoine beag seo, beidh ar dhaoine ar scútair leictreacha, idir thiománaithe agus phaisinéirí, beidh orthu clogad agus éadach lonrach a chaitheamh.

Dúirt an Dr John Legge, áfach, gur cheart go mbeadh na clogaid atá i gceist níos téagartha, fearacht na gclogad a chaitheann lucht móipéide.

Tá sé i gceist freisin cosc a chur ar dhaoine faoi ocht mbliana déag taisteal ar scútar leictreach ach ní thabharfar an fhoráil sin isteach go dtí deireadh na bliana.

De réir an dlí atá ann faoi láthair, ní mór a bheith sé bliana déag ar a laghad agus níl cead dul thar luasteorainn de 20 ciliméadar san uair.

Mhaígh an Dr Legge go mbeadh sé an-deacair an leasú áirithe sin a chur i bhfeidhm, nó go bhfuil sé an-deacair daoine atá ocht mbliana déag agus sé bliana déag a idirdhealú le radharc na súl.

I dtuarascáil a d'fhoilsigh Sláinte Leanaí Éireann le gairid, léiríodh imní faoin líon daoine óga atá ag fáil cóir leighis san ospidéal ar ghortú inchinne de bharr timpistí ar scútair leictreacha.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ