Tá fios curtha ag an Aontas Eorpach ar thaidhleoir is sinsearaí na Rúise sa Bhruiséil faoi dhrón a raibh gaireas pléascach uirthi a fuarthas gar d'eitleán as an Úcráin ag Aerfort Leipzig-Halle sa Ghearmáin an mhí seo caite.
Tá sé á mhaíomh ag an Aontas Eorpach gur iarracht ar "ionsaí hibrideach" a bhí ann agus gurbh í an Rúis a bhí freagrach as.
Ós ag an tír seo atá Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh faoi láthair, tá ordú tugtha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha d'Ambasadóir na Rúise in Éirinn teacht chuig cruinniú leis an scéal a phlé.
Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee i leith na Rúise go raibh sí ag iarraidh deighilt a chothú san Aontas Eorpach.
Fuarthas an drón ar an rúidbhealach ag Aerfort Leipzig-Halle ar an 4 Lúnasa agus b'éigean eitleáin a chur malairt slí dá bharr.
Mol le haghaidh trealaimh mhíleata is ea Aerfort Leipzig-Halle a mbaineann fórsaí míleata na Gearmáine leas as, chomh maith le fórsaí eile Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh.
Tá aerlíne Antonov na hÚcráine bunaithe san aerfort freisin agus is i ngaobhar ceann d'eitleáin an chomhlachta sin a fuarthas an drón.
Dhá bhliain ó shin, phléasc beartán ag Aerfort Leipzig-Halle agus é á chur ar eitleán lastais le DHL.
Dúirt na húdaráis sa Ghearmáin ag an am gur chreid siad go mba í an Rúis a bhí freagrach as an ionsaí sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


