Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ardú 15% ar tháillí iompair phoiblí do dhaoine fásta ó thús 2027

03 MEÁN FÓMHAR 2026, 10:46

Ardóidh an táille ar thuras 90 nóiméad le cárta LEAP ó €2 to €2.30
Twitter Facebook

Tá sé fógartha ag an Údarás Náisiúnta Iompair go bhfuil táillí do dhaoine fásta sa chóras iompair phoiblí le hardú 15% ar an meán ó thús na bliana seo chugainn.

Leasú ar leagan amach ginearálta táillí is cúis leis an ardú, a deir an tÚdarás, an chéad leasú mar é ó 2018.

Os a choinne sin, tá táillí do pháistí le laghdú, go háirithe taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus nuair a chuirtear gan rud san áireamh, a deir an tÚdarás, beidh táillí tuairim is 8% níos saoire ná mar a bhí siad ocht mbliana ó shin.

Go deimhin, i dtaca leis an ardú de 15% ar tháillí do dhaone fásta de, a deir an tÚdarás, níl sin féin ag teacht leis an 20.8% d'ardú atá tagtha ar an mboilsciú carnach ó 2022.

Ardóidh an táille ar thuras 90 nóiméad le cárta Leap ó €2 go €2.30, cuir i gcás, mar gheall ar an leasú sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ