Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Eachtra 'eisceachtúil' El Niño faoi sheol san Aigéan Ciúin

03 MEÁN FÓMHAR 2026, 19:02

Twitter Facebook

Tá sé tugtha le fios ag an Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta go bhfuil eachtra El Niño faoi sheol i réigiún trópaiceach an Aigéin Chiúin, eachtra téimh a d'fhéadfadh a bheith eisceachtúil agus is cinnte a rachas i gcion go mór ar chúrsaí aimsire na cruinne as seo go ceann dhá ráithe.

Níl aon dá thuairim ag na meitéareolaithe faoin scéal. Tá an eachtra ag tarlú, a deir siad, agus is é is dóichí gur chun treise a rachas sé agus gur suntasach an lorg a fhágfas sé ar chodanna den domhan lena linn agus ina dhiaidh.

Tá an domhan i bpriacail ar theocht níos airde ná mar is gnách – i bhfad níos airde in áiteanna – ar thriomach, ar dhíle bháistí agus ar thuilte neamhshéasúracha de bharr an El Niño seo, a deir siad.

Patrún aeráide aimhrialta is ea El Niño nach bhfuil cruth ná cló air ann féin, feiniméan nádúrtha ó thús, arb é téamh neamhghnách dhromchla uisce an Aigéin Chiúin is siocair leis, ach a bhfuil gníomhaíochtaí an duine tar éis cur go mór leis an téamh sin.

Sórt cíor thuathail freisin is ea El Niño agus ní bhíonn a fhios go baileach ina thús cén áit is mó agus is measa a mbuailfidh sé.

Níl sé soiléir fós cén chaoi a rachaidh sé i gcion ar Mhór-roinn na hEorpa ná ar Éirinn, ach ó tá sé fada sna lámha is ar éigean a thabharfaimidne na cosa linn, buailtear san earrach nó sa samhradh sinn, nó ina dhiaidh sin arís!

Tarlaíonn sé gur fhógair Met Éireann inniu go raibh an samhradh seo a d'imigh tharainn ar an samhradh ba theo a taifeadadh riamh sa tír seo.

Roimhe seo, ba é samhradh na bliana seo caite an samhradh ba theo riamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ