Tabharfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump cuairt ar Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce nuair a thiocfas sé go hÉirinn seachtain ón Satharn beag seo.
Tiocfaidh Donald Trump go hAerfort Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin Dé Sathairn an 12 Meán Fómhair agus rachaidh sé as sin go hÁras an Uachtaráin i héileacaptar, áit a gcuirfidh an tUachtarán Connolly fáilte roimhe.
Deirtear gur "cuairt cúirtéise" agus "cuairt ghearr" a bheas ann.
Ní rabhthas cinnte de roimhe seo an mbeadh aon chruinniú ag an mbeirt.
Tuigtear nár cuireadh é san áireamh nuair a leagadh amach dréachtchúrsa taistil Trump an mhí seo caite, ach bhí sé ráite ag urlabhraí an Uachtaráin Connolly go ndéanfadh sí a machnamh ar aon iarratas ar chruinniú a gheobhadh sí ó Rialtas Mheiriceá.
Sular toghadh ina hUachtarán í anuraidh, thug Catherine Connolly le fios go dtoileodh sí cruinniú a bheith aici le Trump dá dtoghfaí í agus dá n-iarrfaí é sin uirthi.
Ina teachtaireacht Féile Pádraig, áfach, cháin sí Rialtas Mheiriceá agus dúirt sí nár cheart go mbeadh aon ghlacadh ag daoine le cogaíocht mar ghnás.
I ndiaidh a chruinnithe leis an Uachtarán Connolly, rachaidh Trump go dtí Teach Farmleigh, an t-áras Stáit ar chiumhais thiar Pháirc an Fhionnuisce, áit a mbeidh cruinniú aige leis an Taoiseach Micheál Martin.
Rachaidh sé as sin go dtí a ionad gailf féin sa Dún Beag i gCo an Chláir, agus Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann faoi lán seoil ansin.
Tuigtear go bhfillfidh sé ar na Stáit Aontaithe oíche Dé Domhnaigh an 13 Meán Fómhair, nuair a bheas an galf thart, é sin nó an mhaidin dar gcionn.
Tionólfar slógaí móra in aghaidh Trump i mBaile Átha Cliath agus i gCo an Chláir le linn dó a bheith sa dá áit sin.
Mar gheall ar chuairt Trump, ní bheidh cead isteach i bPáirc an Fhionnuisce ag an bpobal idir 11 a chlog oíche Déardaoin an 10 Meán Fómhair agus 6 a chlog tráthnóna Dé Sathairn an 12 Meán Fómhair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


