Maraíodh bean óg as Éirinn i dtimpiste bóthair a tharla san Íoslainn Dé Luain seo caite.
Ba í sin Hannah Large, a bhí ocht mbliana déag d'aois, arbh as na Clocha Liatha i gCo Chill Mhantáin í.
Bhí sí ar dhuine de thriúr a maraíodh – daoine óga ar fad – nuair a d'imigh an gluaisteán ina raibh siad den bhóthar in Krýsuvíkurvegur in iardheisceart na hÍoslainne, tuairim is 30 ciliméadar ó dheas den phríomhchathair, Reykjavík.
Tá an tubaiste á fhiosrú ag póilíní agus ag údarás um shábháilteacht iompair na hÍoslainne.
I bpostáil a d'fhoilsigh sí ar Facebook, dúirt Uachtarán na hÍoslainne Halla Tómasdóttir gur tragóid thar insint a bhí sa timpiste agus rinne sí comhbhrón le teaghlaigh an triúir a maraíodh.
D'fhreagair máthair Hannah Large agus ghabh sí buíochas le Halla Tómasdóttir as a teachtaireacht chaoin.
Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn go bhfuil siad ag cuidiú le muintir Hannah agus ag cur comhairle orthu.
Íoslannaigh a bhí sa bheirt eile a maraíodh – Arndís Halla Guðlaugsdóttir, a bhí sé bliana déag, agus Benjamín Guðmundsson, a bhí bliain is fiche.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


