Os cionn €2 atáthar a iarraidh ar lítear díosail ag roinnt stáisiún seirbhísí sa tír, dar le Fuels for Ireland, eagraíocht ionadaíochta na gcomhlachtaí breosla in Éirinn.
Dhá ardú eile is cúis leis an ardú ar phraghas díosail, a dúirt príomhfheidhmeannach Fuels for Ireland Kevin McPartlan.
Sin iad an t-ardú atá tagtha ar an gcostas a bhaineann le hola a scagadh ar an gcéad dul síos agus an t-ardú a bhaineann le hola a sheachadadh ó áit go áit ar an dara dul síos, arsa sé.
Thug sé le fios gur ardaigh praghsanna mórdhíola 11 cent le seachtain, 14 cent i ndáiríre nuair a chuirtear cáin bhreisluacha san áireamh.
Lasóg sa bharrach a bhí ann praghas breosla an €2 a bharradh níos túisce i mbliana agus daoine feannta cheana féin, dar leo, ag an gcostas ard maireachtála.
Ba é faoi deara na n-agóidí náisiúnta ar thug an Rialtas beartais tacaíochta isteach dá mbarr.
Na héilimh agus na hionsaithe atá na Stáit Aontaithe a dhéanamh ar an Iaráin ón earrach seo caite, frithionsaithe na hIaráine agus an easpa dul chun cinn i gcomhráite síochána, is iad is cionsiocair leis an géarchéim breosla.
$97 a bhí ar bhairille amhola Brent inniu, sin 1.3% níos daoire ná inné.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


