Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Buachaill maraithe, fear gortaithe i dtimpiste idir traein & carr

04 MEÁN FÓMHAR 2026, 14:07

Buachaill dhá bhliain déag d'aois maraithe agus fear gortaithe i dtimpiste idir traein agus carr i gContae Mhaigh Eo
Twitter Facebook

Maraíodh buachaill dhá bhliain déag d'aois agus gortaíodh fear sna daichidí i dtimpiste idir traein agus carr i gContae Mhaigh Eo aréir.

railway crash in mayo

Bhí an buachaill óg agus an fear sna daichidí ag taisteal sa charr nuair tharla an timpiste ag crosaire comhréidh ag Coillte Bó, Béal Atha hAmhnais i gContae Mhaigh Eo go gairid roimh a naoi a chlog aréir.

Bhásaigh an buachaill ar an láthair.

The scene of the crash where a train hit a car in Mayo

Tugadh an fear go dtí an t-ospidéal chun go gcuirfí cóir leighis air. Tuigtear nach bhfuil sé i mbaol báis.

Bhí an traein ag taisteal ó stáisiún Heuston i mBaile Átha Cliath go Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo.

Tháinig na paisinéirí eile a bhí ar bord ag an am amach as an traein go sábháilte agus socraíodh modhanna taistil eile dóibh.

Tá scrúdú teicniúil le déanamh ar láthair na tionóisce.

The scene of the crash where a train hit a car in Mayo

Tugadh corp an bhuachalla go dtí an mharbhlann in Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo áit go ndéanfar scrúdú iar-bháis air.

Deir Iarnród Éireann go bhfanfaidh an líne traenach idir Cathair na Mart agus Baile Átha Luain dúnta ar feadh tamaillín eile.

Tá foláireamh tugtha go gcuirfear isteach ar sheirbhísí traenach isteach agus amach ó Chathair na Mart inniu. Deir Iarnród Éireann go mbeidh busanna ar fáil ó Chathair na Mart go Baile Átha Luain.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair Seán Canney go gcuirfear tuarascáil sábháilteachta le chéile. Dúirt sé gur modh taistil sábháilte é iarnród de ghnáth agus go bhfuil eachtraí ar nós tionóisc na hoíche aréir neamhchoitianta.

Dúirt an tAire go raibh sé ag smaoineamh go láidir ar na daoine go léir atá ag fulaingt de dheasca na timpiste.

Tá na Gardaí ag achainí ar thiománaithe agus coisithe le haon físeáin daischeamara agus a bhí sa cheantar in aice le Coillte Bó, i mBéal Átha hAmhnais idir ceathrú tar éis a hocht agus ceathrú tar éis a naoi aréir, an físeán sin a chur ar fáil dóibh.

Is féidir le haon duine le haon eolas teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí i mBéal an Átha ar (096) 20560, le líne rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111 nó le stáisiún Gardaí ar bith eile.

Tharla tionóisc eile chomh maith inné ar an líne traenach idir Cathair na Mart agus Baile Átha Cliath.

Cuireadh moill ar phaisinéirí a bhí ag taisteal sa dá threo nuair a bhuail traein agus tarracóir faoina chéile ag crosaire comhréidh idir Cúl an tSúdaire agus Tulach Mhór.