Tá sé fógartha ag an gcomhlacht SSE Airtricity go bhfuil siad lena gcuid praghsanna gáis agus aibhléise a ardú. Beidh ardú tuairim is 9% ar bhillí chustaiméirí an chomhlachta.
Tiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm ó mhí Dheireadh Fómhair.
Dúirt an solathróir fuinnimh go n-ardófar billí leictreachais 8.9% nó tuairim is €171.55 in aghaidh na bliana agus ardófar billí gáis 9.3% nó €138.70 in aghaidh na bliana.
Tá an milleán curtha ag an gcomhlacht ar an mhíshocracht atá le brath sa mhargadh fuinnimh domhanda agus ar tháillí gréasáin atá ag ardú.
Deir SSE Airtricity go bhfuil a gcuid praghsanna gáis mórdhíola i ndiaidh dúbailt le bliain anuas.
Is é SSE Airtricity an comhlacht is deireanaí lena gcuid praghsanna a ardú.
An mhí seo caite, d'fhógair Pinergy ardú ar phraghsanna leictreachais.
Sa Mheitheamh thug Flogas le fios go raibh siad lena gcuid praghsanna a ardú agus d'fhógair Yuno Energy agus Electric Ireland ardú ar phraghsanna sa Bhealtaine.


