Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

"Lámh ag 14 fear i gComhcheilg na hÓmaigh" - Fiosrú athbhunaithe

21 MEÁN FÓMHAR 2026, 13:26

An sléacht ar an Ómaigh an 15ú Lúnasa 1998
Twitter Facebook

Tá binse fiosrúcháin athbhunaithe Bhuamáil na hÓmaigh tar éis fianaise a chloisteáil go raibh lámh ag cheithre dhuine dhéag fear i gcomhcheilg an bhuama a pléascadh ar an mbaile i gCo Thír Eoghain i 1998 inar maraíodh 29, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, agus inar gortaíodh breis is 200.

An t-abhcóide Paul Greaney a thug an méid sin le fios san aighneacht tosaigh tráthnóna, cáipéis 50 leathanach, os comhair an fhiosrúcháin.

Tá cuid den dream a h-ainmníodh tar éis bháis le 28 bliain anuas, bhí agus tá cuid acu ciontaithe cheana ar chúisimh sceimhlitheoireachta, agus fritheadh cuid acu freagrach i gcás sibhialta faoin mbuamáil.

Dúirt Paul Greaney gur léir an ceangal eatarthu ar fad a bhuíochas, i measc nithe eile, do na gutháin phóca a bhí ina seilbh aimsir an ionsaithe.

Ina measc siúd atá ainmnithe tá Colm Murphy, poblachtach as Co Lú atá caillte ó shin.

"Léiríonn an fhianaise" a deir an t-abhcóide "go raibh Colm Murphy ina shuí mar a bheadh damhán alla i nead sa bpleanáil a bhain leis an mbuama a phléascadh".

Dúirt sé go raibh "údair láidre ann" glacadh leis go raibh Séamus Daly sa gcarr scabhtála a bhí chun cinn ar an gcarr ina raibh an buama, agus go raibh Séamus McKenna sa gcarr siúd.

Bhí an bheirt ainmnithe cheana i gcásanna cúirte faoin Ómaigh. Tá Séamus McKenna básaithe.

Cloiseadh inniu gur cuireadh 6 mhí moille ar an bhfiosrúchán ach go bhfuil Rialtas na hÉireann anois ag comhoibriú leis faoi shocrú a déanadh anuraidh le creatlach dlí a fheidhmiú go mbeadh gníomhaireachtaí de chuid na hÉíreann in ann comhoibriú le fiosrú de chuid na Ríochta Aontaithe agus go bhfuil lear mór ábhair curtha ar fáil dá bharr - breis is 40,0000 leathanach de cháipéisí.

Claire Hayes

Idir an dá linn tá Claire Hayes, deirfiúr le Alan Radford a bhí 16 nuair a maraíodh sa mbuamáil é, tar éis a rá go bhfuil súil aici go nochtófar an fhírinne faoin sléacht a rinne an Fíor-IRA, anois agus é deimhnithe go bhfuil garda sinsearach le fianaise a thabhairt roimh dheireadh na seachtaine.

Seinnfear físeán reamhthaifeadta atá déanta ag an mBleachtaire Ceannfoirt Emmet Casserly os comhair an fhiosrúcháin Déardaoin ina mbeidh trácht ceaptar ar an gcarr inar cuireadh an buama, a goideadh dhá lá roimhe sin i gCarraig Mhachaire Rois i gCo Mhuineacháin.

As seo go ceann míosa tá súil ag an bhfiosrúchán na sonraí a bhain le ullmhú an ionsaithe a chíoradh.

Cuireadh an buama le chéile i bPoblacht na hÉireann agus tugadh as sin go dtí an Ómaigh é sular thiomáin an dream ba chion tsiocair leis ó dheas arís.

Michael Gallagher

Maraíodh mac le Michael Gallagher, Aiden, sa mbuama agus deir seisean go gcaithfidh an fiosrúchán "na mionsonraí agus dindiúirí" faoin ullmhúchán don ollmharú a chíoradh.

Deir sé go raibh diomú air nach raibh fiosrúchán tras-teorann déanta faoin tráth seo ag na póilíní agus ag na Gardaí ach chuir sé fáilte roimh an scéala go bhfuil na fórsaí ó dheas anois ag comhoibriú leis an mbinse fiosraithe.