Tá breis is 160 laoch spóirt de chuid na tíre tar éis a n-ainm a chur le litir oscailte ag achainí ar na himreoirí ar an bhfoireann náisiúnta sacair "gníomhú go coinsiasach le chéile" agus gan páirt a ghlacadh sna cluichí atá le n-imirt deireadh na míosa seo agus tús na míosa seo chugainn in aghaidh Iosrael.
An grúpa Spórt na hÉireann ar son na Palaistíne atá ag iarraidh ar na himreoirí "breith ar an bhfaill" agus tabhairt faoi boycott.
Deir siad sa litir go bhfuil an FAI, UEFA agus an Rialtas tar éis cliseadh ar an bhfoireann agus nár chóir go mbeidís sa tsáinn seo in aon chor.
Ach a deir siad, tá an deis fós ag Cumann Sacair na hÉireann agus ag an Rialtas gníomhú agus diúltú páirt a ghlacadh.
I measc na ndaoine atá luaite tá na réalta rugbaí Tony Ward - a bhí ar dhuine de cheathrar imreoirí a rinne boycott ar thuras fhoireann na hÉireann ar an Afraic Theas aimsir an Apartheid - agus Lynne Cantwell; an lúthchleasaí Oilimpeach Ciara Mageean, an t-iar imreoir sacair idirnáisiúnta Louise Quinn, an surfálaí Easkey Britton, na dornálaithe Tyrone McKenna agus Eric Donovan, agus na himreoirí CLG Pádraig O'Hora, Joe Brolly, Colm O'Rourke, Michael Darragh Macauley, Philly McMahon, an Dr David Hickey, Valerie Mulcahy agus Rena Buckley.
Luaite freisin tá an lúthchleasaí Parailimpeach Alan Dineen agus an lúthchleasaí friosbaí Stephen Jones, beirt atá tar éis boycott a dhéanamh ar choimhlintí a bhí le bheith acu le lúthchleasaithe de chuid Iosrael ó thús na bliana.
"Tá brí ar leith le geansaí na hÉireann a chaitheamh" a deir an litir "agus ba mhór againn dá mbeadh cuimhne ag ionadaithe na tíre ar na fréamhacha atá ag Éirinn ag seasamh in aghaidh na cóilíneachta agus an impiriúlachais, agus an bhaint mhór a bhí ag spórt na hÉireann leis an seasamh sin.
Tá níos mó i gceist anseo ná an spórt. Ach arís ar ais is é SEO an spórt. Gan an cluiche a imirt an gníomh spóirtiúil ba chóir a dhéanamh. Le do chinnireacht-sa agus do chrógacht léireofaí cúmhacht aontaithe an spóirt agus na luachanna a nascann muid go léir, agus an tiochar atá againn i bhfad sa mbreis ar aon chluiche".
Le seachtain anuas tá an FAI tar éis labhairt arís faoin údar atá acu tabhairt faoi na cluichí atá socraithe ní in Éirinn agus in Iosrael, ach san Ungáir agus sa tSeirbia.
Deir a bPríomhfheidhmeannach David Courell nach bhfuil uathu gníomhú go haontaobhach agus go bhfuil siad fós i mbun stocaireachta le UEFA féachaint le cosc a chur ar Iosrael i gcomórtaisí idirnáisiúnta.
D'iarr sé féin agus an Stiúrthóir Sacair John Martin ar dhaoine atá in aghaidh na gcluichí gan an milleán a chur ar na himreoirí mar gurbh iad féin agus feidhmeannaigh eile atá tar éis an cinneadh a dhéanamh an fhoireann náisiúnta a chur chun páirce.
Tá Poblacht na hÉireann agus Iosrael le aghaidh a thabhairt ar a chéile i staid a bheidh folamh in ionaid neodracha an 27ú Meán Fómhair agus an 4ú Deireadh Fómhair.


